Fóram Feasa Beo! Bígí linn! 20.09.25
Is tionscnamh ceannródaíoch líonraithe agus pobail cleachtais é Fóram Feasa agus reáchtáiltear ceardlanna i rith na bliana freisin, mar a deir an mana, "Múinteoirí ag tacú le múinteoirí eile."
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Fóram Feasa Beo! ar siúl ar an Satharn, 20 Meán Fómhair 2025 i nGaelcholáiste Luimnigh (V9423V7). Teacht le chéile do mhúinteoirí ag an iar-bhunleibhéal a fheidhmíonn i suíomh lán-Ghaeilge. Beidh meascán de cheardlanna, aoi-chainteoirí, spléachadh ar acmhainní nua agus eile.
Cuirfear fáilte roimh mhúinteoirí ó scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí lasmuigh den Ghaeltacht agus Aonaid lán-Ghaeilge. Freisin, le cinntiú go bhfuilimid ag freastal ar riachtanais reatha na múinteoirí, chabhródh sé go mór tuairimí a roinnt linn. Déanfar gach iarracht lá cuimsitheach a sholáthar a fhreagraíonn mianta na múinteoirí.
Bígí linn!
Cláraigh leis an gcód QR seo