Skip to main content
061 585060 | info@lec.ie

Prós na hArdteistiméireachta 2026

Prós na hArdteistiméireachta 2026

 

 

 

 

 

Tabharfar léargas cuimsitheach sa cheardlann seo ar Phrós na hArdteistiméireachta 2026. Roinnfear straitéisí praiticiúla agus tascanna teagaisc chun daltaí a spreagadh, chomh maith le samplaí ceisteanna scrúdaithe a chabhróidh le scileanna anailíse agus scríbhneoireachta daltaí a fhorbairt sa seomra ranga.

Faoi dheireadh na ceardlainne beidh rannpháirtithe in ann:

  • Cur chuige éifeachtach a úsáid maidir le múineadh Próis na hArdteistiméireachta.
  • Tuiscint níos doimhne a léiriú ar na téacsanna próis agus ar phríomhthéamaí an chúrsa 2026
  • Modhanna struchtúrtha agus spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun daltaí a threorú i scríobh freagraí próis don scrúdú
  • Córas marcála na hArdteistiméireachta a úsáid chun feabhas a chur ar fhreagraí daltaí.
  • Suim, muinín agus rannpháirtíocht daltaí a chothú trí ghníomhaíochtaí spreagúla sa seomra ranga.

Cainteoir:

Siobhán Ní Mhurchú

Is múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge í Siobhán Ní Mhurchú a bhfuil blianta fada taithí aici sa seomra ranga. Tá sí thar a bheith oilte ar ranganna scrúdaithe a ullmhú don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht, ag tacú le scoláirí na torthaí is fearr agus is féidir a bhaint amach. D’oibrigh sí freisin le Gael Linn ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ar feadh dhá bhliain, áit ar chuir sí go mór le tacaíocht agus le forbairt ghairmiúil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá taithí aici ag obair le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir béil don Ardteistiméireacht agus ag measúnú scrúduithe stáit scríofa.

Course Properties

Course Date 04-02-2026 5:00 pm
Course End Date 04-02-2026 6:00 pm
Capacity Book now
Speaker Siobhán Ní Mhurchú
Select Hours 1
Location Online
Categories Post Primary