Skip to main content
061 585060 | info@lec.ie

Abair leat faoin nGaeilge! Fócasghrúpa ar líne do phríomhoidí iarbhunleibhéil

Abair leat faoin nGaeilge!  

Ba mhaith leis an Roinn Oideachais bualadh le príomhoidí iarbhunscoile chun a dtuairimí ar mhúineadh, foghlaim agus úsáid na Gaeilge a chloisteáil, agus na gnímh is féidir a dhéanamh chun tacú leis an nGaeilge i scoileanna iarbhunleibhéil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.  

Beidh an plé le príomhoidí iarbhunleibhéil mar bhonn eolais d’fhorbairt Plean Gnímh dhá bhliain don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla a fhoilseoidh an Roinn in 2025. Mar chuid den chomhairliúchán chun an Plean Gnímh a fhorbairt, tá an Roinn ag bualadh le grúpaí de mhúinteoirí, tuismitheoirí, ábhar mhúinteoirí agus leanaí/daoine óga ag an dá leibhéal scoile freisin.  Nuair a bheidh an plean foilsithe, cruthófar feabhsuithe a thacóidh le daoine óga ina gcuid foghlama agus in úsáid na Gaeilge. 

Tabharfaidh an grúpa fócais deis do phríomhoidí iarbhunleibhéil a gcuid taithí mar cheannairí scoile a roinnt leis an Roinn agus a gcuid smaointe a roinnt ar conas foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos tairbhí do dhaoine óga agus úsáid na Gaeilge a mhéadú sna scoileanna.  

Mairfidh an fócasghrúpa suas le huair an chloig agus beidh sé ar siúl ar líne ar an Máirt 8 Aibreán ag 12.00-13.00.

Más mian leat a bheith rannpháirteach sa ghrúpa fócais seo, cuir scéal chuig Pádraig Mac Fhlannchadha ag AGSMB@education.gov.ie  faoi 17.30 ar an Aoine seo, 4 Aibreán.

Nuair a chloisfear uait, cuirfidh ionadaí na Roinne nasc MS Teams chugat.

Ag súil le cloisteáil uait. Go raibh maith agat.  

2 April 2025  

Have your say on Irish!  

The Department of Education would like to meet with post-primary principals to hear about their views on the teaching, learning and use of Irish, and the actions that can be taken to support Irish in schools that operate through English.  

The discussion with principals will inform the development of a new two-year Action Plan for Irish in English-medium schools which the Department will publish in 2025. As part of the consultation to develop the plan, the Department is also meeting groups of teachers, parents, student teachers and children/young people at both primary and post-primary levels. Once published, the plan will bring about improvements that will support young people in their learning and use of Irish.  

The focus group will provide an opportunity for post-primary principals to share their experiences as school leaders with the Department and also to share their ideas on how to make the learning of Irish more rewarding for young people and increase the use of Irish in schools.  

The focus group will last up to one hour and will take place online on Tuesday 8 April at 12.00-13.00.

If you would like to participate in this focus group, please contact Pádraig Mac Fhlannchadha at AGSMB@education.gov.ie by 17.30 this Friday 4 April. Once they hear from you, a representative of the Department will forward an MS Teams link for the meeting to you.

Looking forward to hearing from you. Go raibh maith agat.