COGG & ESCI Ócáidí Speisialta: An t-earrach chomh maith le Seachtain na Gaeilge

Aghaidh le aghaidh in Ionad Tacaíochta Oideachais Luimnigh, le Bríd Nic Risteaird.
Bhí Bríd ina láithreoir ar chúrsa Samhraidh den scoth anseo san Ionad i mí Iúil.
Seo ceardlann idirghníomhach agus spraíúil do mhúinteoirí ar mian leo a gcuid Gaeilge a fhorbairt agus a chleachtadh. Beidh an cheardlann dhá uair a chloig seo ag díriú ar an téama:
Ócáidí Speisialta: An t-earrach chomh maith le Seachtain na Gaeilge.
Cuirfear go leor smaointe agus acmhainní ar fáil don seomra ranga.
This is an interactive workshop for teachers who wish to develop and practice their Irish in a supportive environment.
This 2-hour workshop will focus on the theme Ócáidí Speisialta: An t-earrach and on Seachtain na Gaeilge.
Bígí linn don chaint, don chomhrá agus don chraic!
Láithreoir:
Bríd Nic Risteaird: Is múinteoir bunscoile Bríd Nic Risteaird sa Mhodhscoil i Luimneach faoi láthair. Tá sí tar éis a saol múinteoireachta ar fad a chaitheamh i suíomhanna lán-Ghaeilge agus is aoibheann léi an teanga. Is breá léi modhanna múinte éagsúla a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina seomra ranga ach níos tábhachtaí ná sin is breá léi spraoi agus craic a bhaint as an nGaeilge.
Ní duitse an cúrsa seo má tá tú liofa! If you have fluent Irish, this course is not for you!
Course Properties
Course Date | 14-02-2025 3:30 pm |
Course End Date | 14-02-2025 5:30 pm |
Capacity | 25 |
Available place | 23 |
Individual Price | Free |
Select Hours | 1 |
Location | Limerick Education Support Centre |
Categories | Primary |