Acmhainní Teagaisc agus Foghlama do Mhúinteoirí Nuacháilithe Bunscoile
Seo ceardlann le tacú le múinteoirí nuacháilithe bunscoile atá ag teagasc i suíomh an tumoideachais, bunscoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Ag an seisiún, beidh cur i láthair 45 nóiméad ar acmhainní úsáideacha sa seomra ranga agus ansin beidh deis plé le tuairimí agus moltaí a roinnt. Beidh fáilte roimh chách!
Acmhainní Teagaisc; Suíomh Tumoideachais; Acmhainní Bunscoile; Bunscoil Ghaelachta, Gaelscoil; Straitéisí agus Cur chuige; Teagasc na Gaeilge; Teagasc trí Ghaeilge
Torthaí foghlama:
Éireoidh le rannpháirtithe:
- Foghlaim faoi acmhainní bunscoile nua (Gaeilge, ábhair trí Ghaeilge) atá ar fáil ag COGG agus An Tairseach agus ag eagraíochtaí eile.
- Plé a dhéanamh faoi acmhainní agus modhanna teagaisc ar mian leo a chur chun cinn sa seomra ranga sa suíomh tumoideachais.
- Acmhainní agus nodanna a bhailiú ó na rannpháirtithe eile
- Riachtanais a nochtadh agus lámh chúnta a lorg agus a thabhairt
- A bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais ar líne go leanúnach.
Cainteoirí:

Dr Róisín Ní Mhulláin, Oifigeach Oideachais COGG
Cainteoirí: Oifigigh Oideachais COGG agus múinteoirí bunscoile
Course Properties
| Course Date | 21-01-2025 7:00 pm |
| Course End Date | 21-01-2025 8:00 pm |
| Capacity | Book now |
| Individual Price | Free |
| Speaker | Dr Róisín Ní Mhulláin, Oifigeach Oideachais COGG |
| Select Hours | 1 |
| Categories | Primary |