Is mise, Caomhán Ó Conghaile.
Is as Inis Oírr, Oileáin Árann mé.
Rugadh is tógadh mé le Gaeilge.
Tá mé tar éis blianta fada a chaitheamh ag teagasc na Gaeilge.
Chaith mé blianta i gColáiste Thír an Iúir i mBaile Átha Cliath, i gColáiste Fhlannáin, Inis, Co. an Chláir, ag obair mar Bhainisteoir Scrúduithe agus Measúna le Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus mar phríomhoide i gColáiste Ghobnait in Inis Oírr.
Bhí mé ag teagasc i gColáiste Laichtín in Inis Oírr agus i bhfeighil an chloláiste le blianta fada.
Tá taithí agus saineolas agam ar a bheith ag teagasc scoláirí ag gach leibhéal agus cumas.
Ciorcal comhrá do bhunmhúinteoirí
Is fearr deireanach ná go brách!
Béim:
· ar shimplíocht
· ar éisteacht
· ar fhoighnne
· ar fhorbairt fhéin mhuiníne
· ar chumarsáid
· ar idirghníomhaíocht
· ar fhorbairt foclóra
· ar struchtúr na habairte.
Bíonn gach tosú lag!
Dátaí Breise: 06 Feabhra 2021
Please note: Once you register for your first meeting you will automatically be notified of any further meetings that will take place..
Course Date | 23-01-2021 10:30 am |
Course End Date | 06-02-2021 11:30 am |
Capacity | 24 |
Available place | 23 |
Individual Price | €10.00 |
Speaker | Caomhán Ó Conghaile |
Select Hours | 2 |
Location | Online |