Skip to main content
061 585060 | info@lec.ie

Fóram Feasa - Acmhainn nua don tSonraíocht Nua do Ghnó na hArdteiste

Fóram Feasa - Acmhainn nua don tSonraíocht Nua do Ghnó na hArdteiste

 

 

 

Topaic: 

Acmhainn nua Teagaisc agus Foghlama do Mhúinteoirí Gnó

Sa cheardlann seo, tabharfar spléachadh ar acmhainn nua don tSonraíocht Nua do Ghnó na hArdteiste. Beidh cur i láthair 10 nóiméad ar leagan amach na hacmhainne agus ansin beidh deis ann le plé le tuairimí agus le moltaí a roinnt. Fáilte roimh chách!

Acmhainní Teagaisc; Suíomh Tumoideachais; Teagasc trí Ghaeilge

Torthaí foghlama:

Éireoidh le rannpháirtithe 

  • Foghlaim faoi acmhainn nua don tSonraíocht Nua do Ghnó na hArdteiste.
  • Acmhainní agus noda a bhailiú ó na rannpháirtithe eile.
  • Riachtanais a nochtadh agus lámh chúnta a lorg agus a thabhairt.
  • A bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais ar líne go leanúnach. 

Cainteoir 

tiarnan de hal

Tiarnán De Hál, Múinteoir Gnó, Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór

Cainteoirí: Múinteoirí Gnó agus oifigigh oideachais COGG

Seo sraith ceardlann le tacú le múinteoirí agus ceannairí scoile a bhaineann le teagasc agus foghlaim i suíomh an tumoideachais.  Ag gach seisiún, beidh cur i láthair leathuair a chloig ar ábhar éigin agus ansin beidh deis plé a dhéanamh ar an topaic de réir ábhair. Beidh fáilte roimh chách!

Course Properties

Course Date 13-05-2025 7:00 pm
Course End Date 13-05-2025 7:30 pm
Capacity Book now
Individual Price Free
Speaker Tiarnán De Hál
Select Hours 1
Location Online
Categories Post Primary

Course fully booked

Seimineáir Ghréasáin ITOÉ | ESCI Webinars